top of page
IMG_6321 2-2.JPG

MARA DUIT

Mara Duit! Is mise Póilín Nic Géidigh, úinéir agus dearthóir Mara Duit, comhlacht a bhunaigh mé le dearadh agus earraí a chruthú i nGaeilge, mo theanga dúchais. 

​

Is as Gaeltacht Thír Chonaill domh agus rinne mé BA i nDearadh Cumarsáide in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Cé go mbím ag obair sna meáin, is breá liom a bheith ag cruthú agus ag dearadh, agus tá mé gafa le stáiseanóireacht agus leabharthaí nótaí, mar sin thosaigh mé ag dearadh mo chuid fhéin, agus tá súil agam go mbainfidh tú sult as do chuid earraí Gaeilge, atá deartha le grá sa Ghaeltacht.

​

Úsáidtear 'Mara Duit' in ionad 'Dia Duit' i gcóirnéal beag s'agamsa de Ghaeltacht Dhún na nGall, agus tá mé bródúil an frása sin a chur chun cinn agus mé i mbun gnó go náisiúnta agus idirnáisiúnta.​

bottom of page